Cibé duine 'san mbioth chuireas roimhe Seanchus nó Sinnseardhacht críche ar bioth do leanmhain nó do lorgaireacht, is eadh dhligheas cinneadh ar an slíghe is soiléire nochtas fírinne stáide na críche, agus dáil na foirne áitigheas í, do chur go soléir síos: agus do bhrígh gur ghabhas rém' ais Foras Feasa ar Éirinn d'fhaisnéis, do mheasas ar dtús cuid d'á leathtrom agus d'á heugcómlann d'eugnach; agus go háirithe an t-eugcomhthrom atá ag a dhéanamh ar a háitigtheoiribh, mar atáid na Sean-Ghaill atá 'na seilbh tuilleadh agus ceithre chéad bliadhan ó ghabháltas Gall i leith, mar aon re Gaedhealaibh atá 'na seilbh (beagnach), re trí mhíle bliadhan. Óir ní fhuil stáraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedealaibh bhíd.

     Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist do-bheir Cambrens, Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Davis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile d'á scríobhann uirre ó shoin amach, ionnus gur b'é nós, beagnach, an phroimpiolláin do-ghníd, ag scríobhadh ar Éireannchaibh. Is eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht, agus gan cromadh ar mhion-scoith d'á mbí 'san machaire, nó ar bhláth d'á mbí i lubhghort, gémadh rós nó líle uile iad, acht bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach bó nó otrach capaill ris, go dtéid d'á unfairt féin ionnta.

     Mar sin do'n droing thuas; ní cromadh ar shubhailcibh nó ar shoibheusaibh na n-uasal do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríobhadh ar a gcródhacht agus ar a gcrábhadh, ar ar' thógbhadar do mhainistreachaibh, agus ar a dtugadar d'fhearann agus d'fhódaibh re haltóir dhóibh; ar ar' bhronnadar do thearmannaibh d'ollamhnaibh Éireann agus ar gach cádhas d'á dtugsad do phearsannaibh agus do phreuláidibh eaglaise: ar gach comhall síotha d'á dtugdaois d'á n-ollamhnaibh, agus ar gach cothughadh d'á n-ollamhnaib, agus ar gach cothughadh d'á dtugdaois do bhochtaibh agus do dhílleachtaibh; ar gach bronntanas d'a dtugdaois d'éigsíbh agus do lucht iarratais, agus ar mhéid a n-einigh d'aoidheadhaibh, ionnus nach féadtar go fírinneach a rádh go raibhe lucht a s ruighthe i bhféile nó i n-eineach 'san Eoraip riamh do réir a gcumais féin i gcomhaimsir dhóibh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar gach gairm scoile d'á dtugadar uatha (nós ná'r chlos ag aon droing eile 'san Eoraip), ionnus go raibhe an oiread soin d'éigean féile agus einigh i Sean-Ghallaibh agus i n-Gaedhealaibh Éireann ná'r lór leo nídh do thabhairt do gach aon d'á dtiocfadh d'iarraidh neith orra, gan cuireadh coitcheann do thabhairt dóibh d'á dtoghairm re bronnadh seod agus maoine dhóibh.

     Gidheadh, ní haoin-nídh dhíobh so lorgairthear le croinicibh Nua-Ghall na haimsire seo, acht is eadh do-ghníd cromadh ar bheusaibh fodhaoine agus cailleach mbeag n-uiríseal, ar dtabhairt maith-ghníomh na n-uasal i ndearmad: agus an méid bheanas ris na Sean-Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh an oiléin seo ria ngabháltas na Sean-Ghall, feuchtar an raibhe dream 'san Eoraip budh chródha ioná iad, re cathughadh re Rómhánchaibh fá iomchosnamh na Rómhánchaibhh-Alban: óir tugsad fo-deara ar Bhreatainibh cloidhe do dhéanamh idir Bhreatain agus Albain, do chaomhnadh na Breatan ar iomruagadh na n-Gaedheal; agus tar cheann go mbídís dá mhíle deug agus dá fhichid míle do shluagh Rómhánach, agus dá chéad ar marcuigheacht ag cornamh an chloidhe, agus trí mhíle fichead mar aon riu coislighthe, agus trí chéad deug marcach ag cosnamh crioslaigh agus cuan na críche (ar fhoirneart na Scot agus na b-Pict); thairis sin do lingdís Gaedhil tar an gcloidhe, agus do hairgthí an chríoch leó d'aimhdheoin na mór-shluagh soin, do réir Samuel Daniel 'na chroinic. Adeir fór Cormac mac Chuileann in i n-a Shaltair go dtáinig d'fhoirneart Gaedheal agus Cruithneach, ré' ráidhtear Picti, ar Bhreatain, go ndearnadar Breathnaigh feall trí huaire ar uachtar naibh na Rómhánach do bhí ós a gcionn, mar cheannach ar bheith do shíoth re Gaedhealaibh agus re Cruithneachaibh. Tuig fós an cumhgach i n-ar chuirsead Gaedhil Breathnaigh re linn Vortigern do bheith 'na rígh orra, d'á dtáinig é do thabhairt buannachta do Hengist go n-a shluagh Gearmáineach, amhail léaghtar ag

     Monomotensis. Léaghtar ag Samuel Daniel go rabhadar ceithre dún-phoirt deug ag Rómhánchaibh re hucht na Scot agus na bPict, agus go rabhadar na Scuit agus na Pict ag combuaidhreadh na Breatan, d'aimhdheoin na Rómhánach ó aimsir Juil Caesair go haimsir an treas Valentinian Impir, frí ré cúig céad bliadhan; agus is eadh fá haois do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad, agus is do'n leith istigh do'n aimsir sin do fhás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann mhór do lucht na Breataine leis go h-Armorica na Fraince, ré' ráidhtear an Bhreatain bheag, agus iar ndíbirt na foirne do bhí rompa 'san tir tug ar an bhfoirinn do chuaidh leis an chríoch d'áitiughadh, go bhfuil drong d'á sliocht indiu innte.


Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san g-ceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh; óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne Úathach inghean Chriomhthainn mic Eanna Chinnsiolaigh rí Laighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin fearann d'fhaghbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le h-Aonghus mac Nadfraoich rí Múmhan do pósadh í, amhail adéaram d'á éir so i gcorp na stáire. Tuig, a léaghthóir, mar nach sochtaid na seanchadha an nídh déistineach so, do budh masla d'inghin rígh Laighean agus do mhnaoi rígh Múmhan, nach ceilfidísgan a nochtadh ar dhaoinibh budh lúgha ioná iad sin é, dá madh nós [do bhiadh] ar aithidhe i n-Éirinn é: mar sin gurab breugach do Strabo a rádh gurab nós d'Éireannchaibh feoil daoine d'ithe, agus nach déarnadh riamh an nós so aca acht leis an inghin reamhráidhte, agus sin féin re linn na págántachta. Mo fhreagradh fós ar San Ieróm, luaidheas an nídh ceudna so, ag scríobhadh i n-aghaidh Iobhinian, go bhfeudfadh ainteastach breug do reic ris, agus mar sin ná'r dhligh sí dul í bhfiachaibh ar Éireannchaibh.

     Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar Éireannchaibh na briathra so: drong ainbhfiosach i sna huile subhailcibh: agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briathra so: Ní fhuil, (ar sé), fiadhnaise inchreidte ar na neithibh seo againn.

     Is follus gurab breug a rádh nach rabhadar beich i n-Éirinn, do réir an Chamden cheudna, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn: Atá an oiread soin do bheachaibh innte, nach eadh amháin i mbeachlannaibh nó i gcorcógaibh, acht i gceapaibh crann agus i gcuasaibh talmhan dogheibhthear iad.